Aildéad - Vicipéid
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Substaint cheimiceach | aicme struchtúrtha ian |
---|---|
Struchtúr ceimiceach | |
![]() | |
SMILES canónta | Model 2D |
Comhdhúile orgánacha iad na haildéid ina bhfuil an grúpa carbóinile −C(H)=O i gceann an tslabhra d'adaimh charbóin. Ó tá dhá nasc oscailte ag an ngrúpa carbóinile, ní mór ceann acu a dhúnadh le hadamh hidrigine H agus an ceann eile ceangailte den tslabhra. Mar sin, is féidir a rá gurb é (nó
) feidhmghrúpa na n-aildéad. Is iad an formaildéad nó an meatánal
agus an t-aicéataildéad nó an t-eatánal
an dá aildéad is simplí. (Mar is léir ón dá shampla seo, is é -ánal is deireadh d'ainmneacha córasacha na n-aildéad, ach bíonn ainmneacha traidisiúnta ar chuid mhór acu agus iad níos coitianta sa litríocht cheimiceach féin ná na hainmneacha córasacha.)
Is í an difríocht idir na haildéid agus na céatóin ná go bhfuil an grúpa carbóinile i lár an tslabhra carbóin sna céatóin: cuir i gcomparáid an próipianaildéad (an própánal) agus an t-aicéatón (an própánón)
, ar isiméirí iad.
Bíonn aildéid coitianta go maith sa cheimic orgánach, agus is aildéid iad a lán cumhrán. Is aildéad í an fhanailin a thugann an blas agus an boladh sainiúil don fhanaile, agus is é an cainéaldéad is cúis le blas agus boladh an chainéil.
Uimhir (Adamh carbóin) |
Ainm- AIGCF |
Beagainm | Foirmle mhóilíneach | Foirmle struchtúrach | Fiuchphointe in °C[1] |
---|---|---|---|---|---|
1 | Meatánal | Formaildéad | CH2O | ![]() |
−19,1 |
2 | Eatánal | Aicéataildéad | C2H4O | ![]() |
20,1 |
3 | Própánal | Próipianaildéad Próipianaildéad |
C3H6O | ![]() |
48 |
4 | Bútánal | n-Bútaraildéad | C4H8O | ![]() |
74,8 |
5 | Peantánal | Ailéaraildéad Aaimiolaildéad n-Pentaldehyd |
C5H10O | ![]() |
103 |
6 | Heicseánal | Caprúnaildéad n-Heicsaildéad |
C6H12O | ![]() |
131 |
7 | Heipteánal | Heiptaildéad n-Heiptaildéad |
C7H14O | ![]() |
152,8 |
8 | Ochtánal | Caprailaildéad n-Ochtaildéad |
C8H16O | ![]() |
171 |
9 | Naonánal | Pelargonaldehyd n-Nonylaldehyd |
C9H18O | ![]() |
191 |
10 | Deicilánal | Caprailaildéad n-Decylaldehyd |
C10H20O | ![]() |
208,5 |
11 | Aondeacilánal | Hendecanal n-Undecylaldehyd |
C11H22O | ![]() |
117(18 mbar) |
12 | Dódeicilánal | Laurinaldehyd Dodecylaldehyd |
C12H24O | ![]() |
238 |
14 | Teitrdeicilánal | Myristylaldehyd Tetradecylaldehyd |
C14H28O | ![]() |
260 |