ga.wikipedia.org

Amfaibhiorach - Vicipéid

  • ️Fri Jun 09 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAmfaibhiorach
Amphioxiformes Cuir in eagar ar Wikidata

Branchiostoma lanceolatum Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
ForíochtBilateria
FíleamChordata
OrdAmphioxiformes Cuir in eagar ar Wikidata

Cordach bunúsach is ea amfaibhiorach, ball den ord Amphioxiformes.[1] An cholainn caol, suas le 70 mm ar fhad, barrchaol ag an dá cheann. Nótacorda ann ag síneadh isteach sa cheann. Scoilteanna geolbhaigh aige agus bloic matán i dteascáin, cosúil le sinsir na veirteabrach. 23 speiceas, a fhaightear i ndeascáin thanaí mara. Tugtar lansógach[2]lansóg[3] orthu freisin.[4]

  1. Hussey, Matt (2011). "amfaibhiorach". Fréamh an Eolais. Coiscéim.
  2. “lansógach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-09.
  3. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): lansóg” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-06-09.
  4. Hussey, Matt (2011). "Amfaibhiorach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 35.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.