ga.wikipedia.org

Amfaibiach - Vicipéid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAmfaibiach
Amphibia Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Príomhfhoinse biafeithid, iseapóid, Vermes, araicnid agus gastrapód Cuir in eagar ar Wikidata
Is foinse é an tacsón seo deamphibian as food (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
ForíochtBilateria
FíleamChordata
FofhíleamVertebrata
ForaicmeTetrapoda
AicmeAmphibia Cuir in eagar ar Wikidata
Gray, 1825

Is ainmhithe veirteabracha iad na hamfaibiaigh (ón nGréigis αμφις "dhá" and βιος "saol"), le raon mór tréithe is stíleanna beatha, de ghnáth le 4 chos, craiceann faireogach, gan lanna ná aon fhiafhás eile. Maireann na larbhaí san uisce, agus análaíonn trí gheolbhaigh sheachtracha chleiteacha. Téann sé trí chlaochlú le linn a fháis nuair a chrapann is a imíonn na geolbhaigh. Análaíonn an t-ainmhí fásta le scamhóga, agus i méid áirithe tríd an gcraiceann. 3 phriomhrang díobh ann: salamandair is eirc, froig is buafa, agus caochailigh gan chosa. Tá tuairim agus 6,200 speiceas d'amfaibiaigh a mhaireann.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Amfaibiach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 35.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.