Is tír í an India (nó Poblacht na hIndia nó an Ind uaireanta) i ndeisceart na hÁise. Is í an seachtú tír ar domhain ó thaobh achair de agus an dara tír ó thaobh daonra. Is í an daonlathas is mó ar domhain.
Tagann an t-ainm "an India" ón Iondúis, atá díorthaithe ón fhocal Sean-Pheirseach Hindu, ón Sanskrit Sindhu, an t-ainm stairiúil áitiúil d'abhainn na hIondúise. Thug na sean-Ghréigigh Indoi (Ινδοί) (pobal na hIondúise) ar na hIndiaigh.
Tugtar "Bharat" ar an India freisin, i mbunreacht na hIndia agus i dteangacha na tíre. Tá an stádas céanna leis an dá fhocal. Tagann Bharat ó ainm an rí finscéalach Bharata i miotaseolaíocht na hIndia.
Is poblacht í an India agus 29 stát agus seacht gcríoch aontais inti. Is daonlathas parlaiminteach é.
Bhí an 12ú geilleagar is mó ag an India sa bhliain 2008. Cé go bhfuil geilleagar láidir eascarthach ag an tír, tá an bochtanas, an neamhlitearthacht, agus an galar fós ann mar fhadhbanna mhóra.
Siombailí náisiúnta Phoblacht na hIndia (go hoifigiúil)
Is stát iolraíoch ilteangach il-eitneach í an India sa lá atá inniu ann.
Tá 22 teanga oifigiúil ag an India, is iad an Hiondúis agus Béarla na príomhtheangacha atá in úsáid ag an rialtas cónaidhme. Ba í a dteanga an rud ba mhó a d’fhág na Sasanaigh ina ndiaidh san India.
Is iarchoilíneacht de chuid na Fraince í Pondicherry agus tá cúpla focal Fraincise á labhairt fós ann.
Aithníodh fo-ilchríoch na hIndia ó thaobh saibhris trádála agus saibhris cultúrtha ar feadh i bhfad. Is ann a bhí sibhialtacht ghleann na hIondúise lonnaithe agus is réigiún bhealaí trádála stairiúla agus impireachtaí stairiúil í freisin.
San 18ú haois bhí faill ag an bhFrainc ar smacht a fháil ar réimse maith den India. Má theip orthu é sin a dhéanamh ní de cheal dúthrachta agus misnigh é; arís agus arís eile chuaigh a gcuid arm i ngleic le reisimintí na Breataine, agus d’éirigh leo limistéar beag a choinneáil acu féin siar ó dheas ó Mhadras (Chennai) i dTamil Nadu.
Diaidh ar ndiaidh ón 18ú haois amach, nascghabh Comhlacht na hIndiacha Thoir an fo-ilchríoch agus ba choilíneacht na Ríochta Aontaithe í ó lár an 19ú haois.
Jinnah (pobalóir Moslamach) agus Gandi (tugtha don aislingeacht), 1944
Cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm ar an Phacastáin agus India sa bhliain 1947. Bunaíodh an Phacastáin agus an India, na tíortha chomharbais. Roinneadh Puinseáb, mar a bhí, eatarthu.
Nuachtáin, 1944: "formula (=> críochdheighilt) approved by Gandhi"
Sna 1940idí, bhí Muhammad Ali Jinnah ina cheannaire ar Chumann na Moslamach. Páirtí pobalach a bhí ann. Ghríosaigh óráid Jinnah an teannas ciníoch, de réir a chéile. Is cosúil gur thacaigh tromlach millteanach na Moslamach an críochdheighilt i 1947, ach ní raibh sé mar sin tamall de bhlianta roimh 1947.
1947: an trasimirce is mó riamh
Bhí Moslamaigh ina gcónaí san India le fada an lá, ur le hur le Hiondúigh agus le Saícigh. Bhí an fanaiceacht chreidimh ann i gcónaí, ach bhí an teannas ag cur thar maoil i 1947.
Thug Gandhi le tuiscint go raibh sé glan i gcoinne an chríochdheighilt. Ach tá na staraí den tuairim inniu go raibh sé mí-ionraic. Bhí Gandhi réidh le teacht ar chomhréiteach. Ach ní raibh sé sásta sciar den fhreagracht a ghlacadh. Agus bhí Rialtas na Ríochta Aontaithe ag séanadh a bhfreagracht chomh maith.
Fógraíodh neamhspleáchas India ar an 15 Lúnasa 1947. Bhain an stát nua Stádas Tiarnais (Dominion Status i mBéarla) amach.
Tharla cinedhíothú le linn na tréimhse seo. Líon iomlán na marbh: 1-2 milliún b'fhéidir[1]. Tharla trasimirce ollmhór; tugadh bata is bóthar do 12 milliún, an trasimirce is mó riamh i stair an domhain.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.