ga.wikipedia.org

Ceiltibéirigh - Vicipéid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bosca Sonraí Grúpa DaonnaCeiltibéirigh
lang=
Cineálgrúpa eitneach stairiúil
Teangaan Cheiltibéarais
Ball deNa Ceiltigh

Ba ghrúpa Ceilteach agus daoine Ceiltithe iad na Ceiltibéirigh a raibh cónaí orthu i gceantar i Lár-Oirthuaisceart Leithinis na hIbéire, le linn na gcéadta bliain deiridh R.Ch. Luaigh roinnt údar clasaiceach go follasach gur Cheiltigh iad. (m.sh. Strabó[1]).

Labhair na treibheanna seo teanga Cheiltibéarach, agus scríobh siad í trí aibítir na hIbéire a oiriúnú, i bhfoirm na scripte Ceiltibéirí.[2] Thug na hinscríbhinní iomadúla a thángthas orthu, cuid acu fairsing, deis do scoláirí an teanga a rangú mar theanga Cheiltibéarach, ceann de na teangacha ceilteacha-easpáinneacha (ar a dtugtar Ceiltis na hIbéire freisin) a labhraíodh san Ibéir réamh-Rómhánach agus luath-Rómhánach.

Ó thaobh na seandálaíochta de, nascann go leor gnéithe na Ceiltibéirigh, leis na Ceiltigh i Lár na hEorpa, ach léiríonn siad difríochtaí móra freisin leis an cultúr Hallstatt agus cultúr La Tène araon.

  1. Strabo. "Geography".
  2. Cremin, Aedeen (2005). "Celtic Culture: A Historical Encyclopedia" I: A–Celti: 363–364. Santa Barbara, CA: ABC-CLIO.
Is síol faoin Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.