Claude Debussy - Vicipéid
- ️Tue May 18 2010
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba chumadóir Francach Claude Debussy (IPA: [klod aʃil dəbysi]) (22 Lúnasa 1862 – 25 Márta 1918). In éineacht le Maurice Ravel, ba cheann de mhór-chumadóirí na linne ar an stíl 'impriseanaíoch" é.[1]
![](https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/98/Claude_Debussy_by_Marcel_Baschet_1884.jpg/220px-Claude_Debussy_by_Marcel_Baschet_1884.jpg)
![](https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2d/Atelier_Nadar_-_Claude_Debussy_%281862-1918%29%2C_Komponist_%28Zeno_Fotografie%29.jpg/220px-Atelier_Nadar_-_Claude_Debussy_%281862-1918%29%2C_Komponist_%28Zeno_Fotografie%29.jpg)
Tá Debussy ar cheann de na cumadóirí Francacha is tábhachtaí sa 19ú/20ú haois. Ach ní bhfuair sé an t-aitheantas a bhí ag dul dó, fiú ag deireadh a shaoil. Bronnadh an 'Chevalier de la Légion d'honneur' air sa bhliain 1903, onóir bheag.[2] Ach níor ligeadh isteach in Institut de France[3] é riamh.[4]
Amach sna daichidí a bhí Debussy nuair a tháinig galar díblithe air. Diagnóisíodh é le hailse na drólainne in 1909. Rinneadh colastóime air sa bhliain 1915. Ní faoiseamh a fuair sé ach a mhalairt. Fuair sé bás, cúpla bliain níos déanaí, ar 25 Márta 1918 i bPáras. Ní raibh ach 55 bliain d'aois aige.
Bhí sochraid an-bheag air, agus an Cogadh Mór faoi lánseol.
D'úsáid Debussy cordaí bunaithe ar cheathracha go minic ina chuid ceoil.
Tréithe eile ː Cordaí; “armóin doiléir”; scálaí neamhghnácha; gach nóta cothrom; easpa lár-nóta tonúlachta, srl.[5]
Nuair a thug sé an deis do Nijinsky píosa a chruthú le ceol de chuid Debussy – “Prélude à l’après-midi d’un faune” – thóg an cur chuige avant-garde racán agus scannal dochreidte.[6]
![](https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/6d/Debussy_apr%C3%A8s_midi_d%27un_faune.jpg/220px-Debussy_apr%C3%A8s_midi_d%27un_faune.jpg)
- ↑ Politoske, Daniel T.; Martin Werner (1988). Music, Fourth Edition. Prentice Hall. p. 419. ISBN 0-13-607616-5.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-05-18. Dáta rochtana: 2010-12-20.
- ↑ "Institut de France" (as en) (2022-02-10). Wikipedia.
- ↑ Scríobh Camille Saint-Saëns, "... the door of the Institut [de France] must at all costs be barred against a man capable of such atrocities".
- ↑ COGG. "Scileanna Éisteachta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-22. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Breandán de Gallaí (M.F. 2009). "Théâtre Impérial du Châtelet" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-03-25.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |