Eve Badana - Vicipéid
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beathaisnéis | ||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 9 Iúil 1993 31 bliana d'aois Markham, Ontario ![]() | |||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | ||||||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Drexel ![]() | |||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | ||||||||||||||||||||
Gairm | imreoir sacair ![]() | |||||||||||||||||||
Tír spóirt | Éire ![]() | |||||||||||||||||||
Spórt | sacar ![]() | |||||||||||||||||||
Ionad ar an bhfoireann / speisialtacht | Báireoir (sacair) agus cúl báire | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
![]() ![]() ![]() |
Is imreoir sacair í Eve Badana. Rugadh í ar an 9 Iúil 1993. D'imir Eve do Cathair Chorcaí agus í ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. D'imir Eve le foireann náisiúnta Cheanada faoi-17 ag Corn Domhanda na mBan FIFA faoi-17 in 2010, ach bheartaigh sí chun imirt d'fhoireann náisiúnta na hÉireann ag an leibhéal sinsearach. Bhuaigh sí a céad chaipín d'Éirinn i Feabhra 2012.
Is as Contae Thír Eoghain, Tuaisceart Éireann, máthair Badana, agus chuaigh sí ar imirce go Ontario tar éis di staidéar a dhéanamh i mBéal Feirste. Bhuail sí le hathair Badana, arb as na hOileáin Fhilipíneacha dó, ansin. Tá deartháir amháin agus deirfiúr amháin aici.
Bhí Badana ina captaen ar a foireann áitiúil Unionville Milliken SC, ansin chuaigh sí isteach i Toronto Lady Lynx, áit a raibh sí ainmnithe freisin mar chaptaen. Chabhraigh sí leis an bhfoireann faoi-20 cáiliú le haghaidh cluichí ceannais Super Y-League in 2010. In 2011, fuair sí scoláireacht ó Ollscoil Drexel sna Stáit Aontaithe.