ga.wikipedia.org

Nathair nimhe - Vicipéid

  • ️Mon Jun 26 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoNathair nimhe
Viperidae Cuir in eagar ar Wikidata

Crotalus basiliscus Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deviper venom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeReptilia
OrdSquamata
FineViperidae Cuir in eagar ar Wikidata
Oppel, 1811
Crotalus atrox, nathair nimhe i Meiriceá Thuaidh

Tugtar nathair nimhe[1] ar bhall d'fhine na viperidae a fhaightear san Eoraip, an Áise is an Afraic. Goineoga feadánacha aici a úsáideann sí chun an nimh a instealladh ina creach. Beireann an chuid is mó díobh áil bheo. Colainn ramhar acu le ceann leathan (na faireoga nimhe is na matáin chucu ar an dá thaobh), triantánach go minic, na goineoga ceangailte leis an ngiall uachtarach chun tosaigh, ag filleadh go maol i gcoinne an charbaid sa bhéal. Scriosann an nimh uaithi cealla is fuileadáin, agus tarlaíonn rith inmheánach fola dá barr. An t-aon nathair nimhiúil sa Bhreatain.[2]

  1. “Viperidae” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Nathair nimhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 478.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.