Pisa - Vicipéid
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
|
||||
![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Tír | an Iodáil | |||
Réigiún san Iodáil | An Tuscáin | |||
Cúige san Iodáil | Cúige Pisa ![]() | |||
Príomhchathair de | Cúige Pisa | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 88,737 (2023) ![]() | |||
• Dlús | 479.48 hab./km² | |||
Teanga oifigiúil | an Iodáilis ![]() | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 185.07 km² ![]() | |||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Arnó ![]() | |||
Airde | 4 m ![]() | |||
Ar theorainn le | ||||
Sonraí stairiúla | ||||
Leanann sé/sí | Pisae (en) ![]() ![]() | |||
Éarlamh | Rainerius (en) ![]() ![]() ![]() | |||
Eagraíocht pholaitiúil | ||||
• Méara Pisa ![]() | Michele Conti (2018–) ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | 56100 agus 56121–56128 ![]() | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 050 ![]() | |||
Aitheantas ISTAT | 050026 ![]() | |||
Cód cadastair na hIodáile | G702 ![]() | |||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | comune.pisa.it ![]() |
Cathair san Iodáil is ea Pisa. Tá sí suite ar bhruach abhainn Arno, agus is í príomhchathair Chúige Pisa í, i réigiún na Tuscáine. Tá cáil dhomhanda ar an túr claonta atá inti. Bhí daonra de 90,000 duine inti sa bhliain 2008.


Ní fios cathain ar bunaíodh an chathair, ach tá fianaise ann go raibh na Pealascaigh, na Gréagaigh, na hEatruscaigh agus na Liogúirigh sa cheantar. Léiríonn fianaise na seandálaíochta go raibh trádáil á dhéanamh leis an Ghréig sa 5ú haois RC. Rinne na Rómhánaigh coilíneacht de Phisa sa bhliain 180 RC. Bhí easpag lonnaithe inti ó 313 AD ar aghaidh.
Cathair chumhachtach mhuirí ba ea Pisa le linn na meánaoiseanna agus chuir sí longa ar fáil don phápa Gréagóir I chun cogadh a chur ar Biosantiam, agus bhí sí páirteach i gcogaí éagsúla eile mar stát neamhspleách nó mar chuid d'impireachtaí éagsúla. Mhair glór-réim na cathrach go dtí an 13ú haois nuair a chloígh cabhlach Genoa í ar an 6 Lúnasa 1284. Mar gheall ar an cuan a bheith ag dul i léigle sioltadh tháinig meath ar thrádáil agus ar chumhacht mhíleata Phisa ach tháinig sí chun cinn mar ionad léinn le bunú na hollscoile sa bhliain 1343.
Ba i bPisa a rugadh Galileo Galilei duine d'eolaithe móra an domhain. Rinneadh tionsclaíocht éadrom a fhorbairt sa bhfichiú haois ach scriosadh cuid mhaith den chathair sa Dara Cogadh Domhanda.
Tá an-cháil ar ailtireacht Phisa, go háirithe ar an túr claonta sa Piazza de Miracoli (Túr Claonta Pisa).
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |