Seán F. Lemass - Vicipéid
- ️Sat May 11 2019
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Seán Lemass)
Ba é Seán Francis Lemass (15 Iúil 1899 - 11 Bealtaine 1971), an tríú Taoiseach (ceannaire rialtais na hÉireann) agus ina cheannaire ar Fhianna Fáil, idir 1959 agus 1966. Leasaitheoir a bhí annː bhí fonn ar Lemass cruth nua-aimseartha a chur ar chóras rialtais, eacnamaíocht agus sochaí na hÉireann.[1]
Rugadh Seán Francis Lemass i mBaile Breac sa bhliain 1899 i mBaile Átha Cliath. An t-ainm a baisteadh air ná John Francis Lemass. Aach thosaigh sé ag tabhairt Seán air féin agus é in ógánach tar éis páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Gabhadh agus cuireadh i bpríosún é ach scaoileadh saor é de bharr a aoise.
Leis na mBráithre Críostaí sa chathair a fuair sé a chuid oideachais, áit ina raibh sé in aon rang leis an bhfuirseoir mór le rá Jimmy O'Dea.


Scaoileadh marbh a dheartháir is óige, Herbert, de thaisme ina bhaile féin in Eanáir 1916; b’shin Seán féin a lámhachadh é![2] Dúnmharaíodh deartháir eile, Noel, sa bhliain 1923 le linn Chogadh na gCarad. Rinneadh céasadh coirp air.
Fuair deartháir eile, Patrick, bás le hadhairt sa bhliain 1926.

Bhí Lemass gníomhach i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha i 1922.
Toghadh Lemass mar theachta i nDáil Éireann i 1924 (san fhothoghchán "Dublin South" ar 18 Samhain 1924). Bhunaigh sé Fianna Fáil i 1926 le hEamon de Valera agus comhghleacaithe eile.
I 1932 rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de. I rith an Dara Cogadh Domhanda gníomhaigh sé mar Aire Soláthairtí. Rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de arís tar éis an chogaidh i rith na gcaogaidí (1951-1954 agus 1957-1959).

Sa bhliain 1959 toghadh Lemass mar Thaoiseach. Sna blianta sin, bunaíodh RTÉ, tháinig John F. Kennedy go hÉirinn, agus bhí an geilleagar ag fás níos gasta .
Thug Lemass cuairt thábhachtach ar Terence O'Neill, Príomh-aire Tuaisceart Éireann i 1965, cuairt a thosaigh ré nua caidrimh idir an dá chuid den oileán.
Ní raibh an oiread tionchair ar fhorbairt dhlí na hÉireann, agus go háirithe ar an dlí bunreachtúil, i ndiaidh an neamhspleáchais ag aon duine eile nach raibh ina dhlíodóir.[1]
Mar shampla, sa bhliain 1966, ghair Lemass an Coiste uile-pháirtí ar an mBunreacht, chun iniúchadh a dhéanamh ar na leasuithe ar Bhunreacht na hÉireann a d'fhéadfadh a bheith riachtanach. Leag an tuarscáil a rinne sé clár athchóirithe amach, ar cuireadh a lán gnéithe de i gcrích sna caoga bliain ina dhiaidh sin.
Is léir uaidh sin go raibh fonn ar Lemass cruth nua-aimseartha a chur ar chóras rialtais, eacnamaíocht agus sochaí na hÉireann.[3]
Mar is eol go forleathan, dúirt Lemass le Cearbhall Ó Dálaigh agus é á cheapadh ina Phríomh-Bhreitheamh sa bhliain 1961 agus le Brian Breatnach agus é á ardú go dtí an Chúirt Uachtarach ag an am céanna, gur mhian leat go mbeadh an Chúirt ní ba chosúla lena leithéid i SAM.[1]
Mar a léirigh Ruadhán Mac Cormaic ina leabhar,[4] is minic a dhéileáiltear leis na focail misnigh sin ar dhóigh mhí-aimseartha agus ní léir go beacht cad a bhí ar intinn ag Lemass an uair sin. Mar sin féin, bhí páirt mhór ag an dá cheapachán sin, gan aon agó, sa ról bunúsach a bhí ag an gCúirt Uachtarach maidir leis na hathruithe sóisialta agus dlithiúla a tharla sna dá bhliain déag ina dhiaidh sin agus níos faide.[1]
Ceapadh Caoimhín Ó hEachach, Frederick Gardner Budd agus Liam Ó Mac Gearailt ar an gCúirt Uachtarach freisin le linn do Lemass a bheith ina Thaoiseach.
D'éirigh Lemass as a phost mar Thaoiseach agus cheannaire Fhianna Fáil i 1966. Tháinig Jack Lynch i gcomharbas air.
Bhí Lemass trom ar an tobac[5] agus chuaigh a shláinte in olcas agus é ag dul anonn in aois. Níorbh fholáir é a chur san ospidéal Mater i Feabhra 1971 agus d'éag sé fá cheann trí mhí, in aois 71 bliain dó.[6]
- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Seán Lemass". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Eunan O'Halpin. "Seán Lemass’s silent anguish" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-05-11.
- ↑ Scrúdaigh an tOllamh Brian Garbhain (Oilthigh Ghlaschu) bunús, obair agus tionchar díreach an Choiste in alt a foilsíodh sa bhliain 2013. Brian Girvin (2013). "'Lemass's brainchild': the 1966 Informal Committee on the Constitution and change in Ireland, 1965-73". Irish Historical Studies 38 (151): 406–421. ISSN 0021-1214.
- ↑ Ruadhan Mac Cormaic (2016). "The Supreme Court". Penguin Books Ireland, 9780241970331 www.omahonys.ie. Dáta rochtana: 2021-05-11.
- ↑ Maurice Curtis (2019-04-05). "The Little Book of Rathmines" (as en). History Press.
- ↑ "Death of Seán Lemass" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2019-05-12.