Raidi� na Life - Home
- ️Tue Sep 30 2008
Cuairteoir� ar l�ne faoi l�thair - 7 |
Lá Breithe Sona Raidió na Life! 15 bliain ar an aer! Cinnirí!Ag tosú Dé Máirt 30 Meán Fómhair 2008, 7:00i.n. Raidió na Life 106.4FM Sraith ghairid nua ó léiritheoirí agus láithreoirí Thuairisc na Máirte, Eoin Ó Fearghail & Liam Mac Amhlaigh. Déantar anailís ar thábhacht agus oidhreacht na mórchinnirí polaitíochta ag deireadh an fhichiú haois in Éirinn agus thar lear. Dírítear ar bheatha, ar shaoil agus ar ghairmeacha na bpolaiteoirí seo, le comparáid déanta ar bhonn na gcatagóirí thíos. Clár 1: 30/09/08: Éire: Cinnirí Fhianna Fáil: Charles Haughey & Albert Reynolds Lá stairiúil i gcraoltóireacht na hÉireann ab ea an 25ú Meán Fómhair 1993. Ar an lá sin, breis agus trí bliana roimh bhreith TnaG/TG4, thosaigh stáisiún raidió úrnua i mBaile Átha Cliath ag craoladh trí Ghaeilge, an chéad stáisiún raidió Gaeilge eile sa tír taobh amuigh de Raidió na Gaeltachta. Pléasc réabhlóideach ab ea teacht Raidió na Life ar an saol - an chéad stáisiún raidió pobail sainspéise sa tír agus an chéad stáisiún Gaeilge dírithe ar cheol nua-aimseartha agus ar an saol comhaimseartha: stáisiún raidió Gaeilge dá gcuid féin do phobal na Gaeilge in Áth Cliath agus an ceantar máguaird. |